Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 338
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus a bhean in-a gcomhnuidhe i dteach uair amháin. Bhí an bhean ag obair taobh istigh agus bhí an fear ag obair taobh amuigh. Tháinic leisge ar an bhfear. Dubhairt sé go ndeanfadh sé an obair a bhí le deanamh taobh istigh agus í féin a dhul amach ag obair. Rinneadh amhlaidh dubhairt sé léithe an féar a bhaint, agus dubhairt sise leis go raibh dhá chuinneoig bláthach le déanamh, agus pota leitean le bruith agus an féar a bhí ag fás ar bharr an tighe a bhaint agus é a tabhairt do'n bhuin. Chuaidh an bean amach agus thosuigh an fear ag déanamh an bláthac. Annsin chuaidh sé go dtí an tobar i gcoinne uisge. Nuair a bhí sé imthighthe dhoirt an cráin é agus d'ól sí é.
Annsin thosuigh sé ag déanamh an chuid eile de. Nuair a bhí sé ag dul ag an tobar an t-am seo, dubhairt sé leis féin nach ndoirtfeadh an cráin é agus thug sé leis ar a dhruim é. Nuair a bhí sé ag tógailt an uisge thuit an chuinneog isteach ins an tobar. Chuaidh sé abhaile go brónach.
Bhí sé ró leisgeamhail leis an bhféar a bhaint. Cheap sé go mbeadh sé níos fearr leis an mbuin a chur suas air, agus rinne sé é. Shíl sé annsin go dtuitfeadh sé agus chuir sé rópa ar a bolg. Chuir sé an rópa síos tríd an simléir agus ceangail sé dhá cos féin é. Thosuigh sé ag déanamh an leitean. Nuair a bhí sé bruithte, chas sé le spúnóig é. Annsin léim an bhó síos ar an talamh taobh amuigh agus tharraing sí an fear suas an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Congaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe