Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 366](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0030%2FCBES_0030_366.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 366
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cad é an t-aos a bhíodh ag daoine sa tsean-Aimsir sara gcaithidís bróga. Bhíodh cuid aca sé bliadhna déag sul a gheobhfaidís aon bhróg.
(2) An bhfuil trácht ar dhaoine nár chaith aon bhróg ariamh.
Bhí beirt dearbhrathair sa Foramoile agus níor chaith ceachtar aca aon bhróg ariamh.
(3) Leanbhaí an lae indiu an gnáthach leo dul cosnocht tamall do'n bliadhain.
Fadó ní bhíodh bróga ar pháiste ar bith, aon am de'n bhliadhain, acht bíonn bróga ar páiste an lae indiu sa nGeimhreadh.
(4) An t-uisce go nightear na cosa ann cad a dhéintear leis.
Tá sé ráidhte nac bhfuil sé ceart uisce na gcos a fhágáilt istigh go maidin.
(5) An ndéintear bróga san áit anois.
Ní dhéintear.
(6) An ndeisightear bróga ann.
Tá siad i ndon paiste is bairribín is péidhre a chur ar brógaibh.
(7) An fluirsighe a bhíodh gréasaidthe sinnsearacht, san áit fadó nó mar atáid anois.
Bhíodh níos mó ann fadó.
(8) An gcaithí bróga bonn-adhmaid fadó. Cá ndéinti iad.
Bhíodh siad dhá déanamh i nGaillimh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dominic Ó Fháodhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe