Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)
- Suíomh:
- Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chaoí a déantaí líon-éadach fadó
Bhíodh go leor lín curtha ag muinntir na h-Éireann fadó agus dhéanaidís bráithlíní, eadaighe clár agus go leór baill-éadaighe eile as. Chuiridís é ar nós coirce nó cruithneachr nó eórna agus nuair a bhíodh a chuid fás tughta aige thairnigidís as an talamh é agus cheangluighidís na bpunnancha é. Chuiridís ‘na sheasamh le balla annsoin é nó go stáluigheat sé. Nuair a bhíodh sin déanta, chuiridís ag bogadh é I bportach dearg-luidheach agus d’fhágtaí annsoin é go ceann naoí lá. Tógtaí annsoin é agus sgartaí amach é le tuaradh. D’fhágtaí mar sin é go ceann trí seachtmhaine. Ceangluightí suas arís é agus cuirtí isteach ar lota é go dtriomóchadh sé. Nuair a bhíodh sé sáthach tirm tóigtí anuas é agus caithtí ar an urlár é. D’fháightí tuairigín agus bristí agus brúightí an líon. Annsoin cuirtí sisteal ‘na sheasamh ar an urlár agus bhídís ag tarraingt an líon tríd sin nó go ndéantaí snáitheachaí dhó. D’fhághtaí tlú gairimint ansoin agus cuirtí an líon tríd agus seo é an uair a glataí an barrach de.
Sgríobhtha síos ag Máire ní Nuadhain, Pollach, ó' na h-athair Eamonn Ó’ Nuadhain, feilméar, Pollach, Mághcuillinn.
Sgríobhtha, Meitheamh 1938.- Bailitheoir
- Máire Ní Nuadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Nuadhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe