Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Is truagh Ruadh an bhun cuirp sin agat", ar sise
"Is truagh Ruadh bun cuirp ar an droch-chuid," arsan garsún.
"Téidheann na ba 'on tráig ar snámh 'is dá n-úrúghadh," ar sise.
Bíd 'na suidhe go h-árd ar chnocáin dá dtriomúghadh," arsan garsún.
Ansan d'fheuch an phiast timcheall airthe agus chonnaic sí ean tamall uaithe ar chloich agus dúbhairt sí:-
"Is úr cúmharta a cheann súd thall ar árd an bhirín."
"Is minic a bhí sé ar fhaithche mín
agus an drúcht fé bhun a ghoibín." arsan garsún.
"Gríosach ó'n lasair iochtair," arsan phiast
"Is uaithe aníos a tháinígis a chaillig," arsan garsún.
Nuair dúbairt sé an méid sin níor dhein an phiast ach a ceann a bhualadh fúithe agus d'fheacaidh éinne ó shin amach í. Thug an rí leis abhaile an garsún agus do thug sé a inghean dó lé posadh agus leath a ríoghacht féin go dtí n-a bhás agus an ríoghacht go léir ó lá a báis amach.
Thugadar cuire do bhocht agus nocht do bhí timcheall ortha agus do bhí pósa acu ar feadh seacht lá na seachtmhaine.- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Labhráis Uí Ciabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Chiarraí