Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 005](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_005.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 005
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Fág an áit sin," arsan feirmeóir "nó chuirfhin an maide ceangailte ud' cheann".
"Ó! ná dein." arsan seanduine, "is amhlaidh a thángasa anso chun go raghfá ag fuadach mná."
D'fhiafruig sé de'n bhfeirmeóir an raghadh sé farais agus dúbhairt sé go rachadh. D'imthigheadar agus bhí saghas capaill acu agus nuair a léimeadh an capall na cladhthacha,
"Mhuise mo ghrádh do léim a sheana-bhéim ceuchta." a deireadh an seana-duine.
Thángadar go dtí tig an rínnce agus dúbhairt an seana duine leis an bhfear dul isteach agus an cailín a chasadh sa rínnce. Chuaidh se isteach agus do dhein sé mar dúbhairt an seana=duine leis.....
Thainig sé amach agus bhí an cailín amuigh roimis. D'imthigheadar ortha agus bhíodh an cailín a' rádh leis an bhfear gur chuma léi ach gan í leigeant leis an sean duine agus dúbhairt an fear léi ná leigfeadh.
Bhíodar a cur dóibh riamh is coidhche gur thángadar go dtí lios.
"Seadh!" arsan sean-duine, "téidhir-se abhaile anois, agus go bhfágadh Dia do shaoghal agus do shláinte agat, agus bead-sa agus í seo ag dul abhaile."
"Cogar," ansan fear, "Ní bhfuair-ise aon chuid dá duadh san ach mise, b'fhéidir gur b'é do cheann a bhfúghfainn [?] se ar an gclaidhe mar a n-éist-fá agus bhfearra dhuit cuir díot."
"Deunfad a dhá oiread oilc ort," ars an sean-duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Criomhthain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Chiarraí