Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Seanscéal - Bean an Tine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach go dtí gabha é agus dúbhairt an gabha leis go raibh lán tighe do leanbhaí aige agus go raibh sé ag obair ó Luan go Satharn agus ná raibh faic aige 'na dhiaidh san agus dúbhairt sé leis má d'fheudfadh sé tuairisc a chur chuige a chur agus dúbhairt an garsún do dtabharfadh dá bhfeudfadh.
    D'imthig sé ar maidin agus ansan ar luighe na h-oidhche casadh isteach ar thighearna mór talmhan é agus dúbhairt an tighearna leis go raibh an braon anuas 'na chluais gach aon oidhche. Dubhairt sé leis go n-aistrig sé an leaba ins gach pairt de'n dtig agus nárbh aon mhaitheas do é agus dubhairt leis an ngarsún má fheudfadh sé aon tuairisg a thabhart chuige mar gheall air a thabhairt.
    D'imthig sé ar maidin aríst agus casadh isteach é go dtí bean ná raibh aon duine sa tig ach í féin.
    "Tá fhios agamsa cad a thug tusa" ar sí. Ach a dtáinig an oidhche ansan agus a fear 'na codladh chuir sí síos teine agus thug uair a 'chluig ann. Ansan chuir sí tobán uisge ar an dteine agus nuair a bhí sé ag fliucaig, léim sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    Com Dhíneol, Co. Chiarraí