Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomás Ó Maoileóin do b'ainm do. Mair sé in Imeall Átha (Imileá) i bparóiste Mhárthan, Daingean Uí Chúise. Bhí sé féin a rádh go bíodh sé sa púcaí agus deirtear gur phrúbháil sé go raibh mar go n-inseadh sé mórán rudaí a bhí lé tuiteam amach. Ach go h-áirithe tugadh Tomás na bpúcaí air .i. lionán sidhe a b'eadh é.
1. Deireadh sé go mbíodh aonach acu (na sidheóga) sa Ghort Fada gach oidhche Ceudaoin.
(Tá an Gort Fada, i nGleann Loic, Dún Chaoin.)
2. Go mbíodh rinnce acu gach oidhche tréis an aonaig i dTobar Ghúlach i mBaile na Rátha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí