Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 080
- XML “Seanscéal - Na Leanaí a Chonaic a Máthair Chríonna tréis Báis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuadar amach agus cé bheadh ann ná páiste ana-áluinn ar fad agus bád a naice léi ar an sruthán.
Dúbhairt an páiste leo dul isteach chúiche agus go spáinfeadh sí áit ana-bhreágh ar fad dóibh. Chuadar isteach chúiche agus d'imthigheadar leó agus níor bhfada go rabhadar ins an áit ba dheise agus ba bhreághtha dar luig súil duine riamh air. Bhí gach sórt rud ag fás ann. Nuair a bhí gach nídh spáinte aici dóibh, d'fiafruig sí dóibh an aithnigheann siad í, agus dubhradar go raibh ana-deallramh aici lé na máthair críona ach go raibh sí sin caillte agus gur bean chríona í.
Ansan dúbhairt sí leó: "Is mise úr máthair chríonna agus is é an chiall go bhfuilim anso mar nuair a bhíosa ar an saoghal bhí cion agus grádh agam do leanbhaí beaga agus mar sin nuair a cailleadh mé chuir Dia anso mé ins an áit áluinn seo agus an t-é go mbeidh cion aige do pháistí geóbhaidh sé an rud ceudna."
Ansan thug sí léi iad go dtí an mbád agus thug sí abhaile iad ansan. Nuair a chuadar abhaile cuadar a chodladh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eilis Ní Guithín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí