Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 090

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 090

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 090
  3. XML “Namhadas idir Pharóistí - Bád na nGort nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tháinig eud ortha agus formad agus b'fheárr leo ná aon rud as iad. Thosnuigheadar go te lé chéile ar dtúis ar na focail ach is gearr gur chuadar ar na dóirne lé chéile agus ní fada go raibh sí ina mbruighin fuilteach idir an dá bhád, ach bhí an mhuinntir thuaidh ró-mhaith de muinntir Dhún Chaoin agus chuireadar as an mbád iad. Baineadh an lámh de fhear ó Dhún Chaoin le linn na bruighne.
    D'fhan bád Dhun Chaoin amach ó'n árthach go dtí go n-imtheóchadh an dream thuaidh dar leo. Bhí an dream thuaidh ag líonadh a mbáid ar dalla agus is ortha a bhí an t-sainnt chun na raice.
    Líonadar an bád thar ceart agus lé linn den gcuid de'n gcriú a bhí anáirde ar bórd an árthaig, teacht anuas agus dul isteach na mbád féin, luaisg an t-arthach. É sin agus a n-iomad ualaig sa bháidín a dhein an tuibaist, mar síos leis an mbáidín, í féin sa criú. Bádhadh gach fear díobh.
    Bhí bád na h-áite seo ag faireadh ortha ach níor chuadar chun a gcabhartha, bfhada mar phaiste ortha é. Bhí a mhalairt de ghumh ortha. Ach ní lúgha ná chuadar ar bórd is amhlaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. faicsin (~230)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Labhras Ó Ciabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile na Rátha Thuaidh, Co. Chiarraí