School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 123
  3. XML “Cú Bhán an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tháinig an chú isteach agus thug sé an íde béil dí. Lean sí é tríd an sliabh agus chuaidh sí ins gach áit d'á ndeachaidh sé. Bhí sí traochta tnaidhte. Chonnaic sí solas beag i dtig sa chnoc san oidhche. Chuaidh sí isteach agus loirg sí lóistín in ainm an Chú Bháin. Fuair sí é agus míle áilte. Nuair d'eirig sí ar maidin bhí an chú bhán ag ithe ar an mbórd roimpe. Dubhairt an chú léi dul chun bídh. Chuaidh. Do lean sí an chú tríd chnoc is ghleann is achrann agus bhíodh an chú i gcomhnuidhe ag iarraidh í a chur abhaile. Níor b'aon mhaith a bheith léi. Dubhairt an chú léi go gcaithfheadh sé féin dul go dtí'n domhan thoir mar go raibh sé fé dhraoidheacht ag sean-chailleach mná.
    D'imthigh an chú sa tsnámh treasna na fairrge. Chuaidh sé i dtír ar an dtaobh thall agus siúd síos i dtig diamhrach fé'n bhfairrge é, mar a raibh an chailleach. Léim an bhean óg isteach i mbosca a fuair sí ar an bport agus siúd sa tsnámh í sall treasna na mara. Chuaidh sí isteach i dtig beó bocht annsan agus d'iarr sí bheith istig. Fuair sí lóistín bliana ann. Gabha abh eadh fear an tighe.
    Lá amháin bhuail ingean leis an mbean draoidheachta isteach chúiche agus a ceann go tinn. "Buail i leith" arsa ingean an Rí. Cimil sí cíor draoidheachta a bhí aici d'á gruaig agus leis sin d'fhás ceann buidhe gruaige uirthi agus d'imigh an tinneas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Catháin
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí