Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Cú Bhán an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chonnaic an bhean draoidheachta cad a thárla dubhairt sí léi an bhean a bhaint amach airis agus an chíos a lorg uirthe. dubhairt sí léi a rádh leis an mnaoi óig go bhfaigheadh sí pé athchuinge a iarrfadh sí. D'iarr sí mar athchuinge í a leigint a chodla in aonfacht le cú bán an tSléibhe, mar fuair sí amach gur ag an mbean draoidheachta san a bhí an chú. chuir an bhean draoidheachta bioráin suain i gCú Bán an tSléibhe agus d'fhan sé mar sin go maidean. Cúpla lá 'na dhiaidh sin chuaidh an inghean síos go bothán ingean an Rí agus bhí siosúr draoidheachta ag ingean an Rí. Bhí ceann tinn ag an gcailín agus leighis an siosúr é. Bhí an chailleach ar buille, mar bhí amhras aici cér bhí an bhean uasal, agus tháinig eagla uirthi go gcloisfheadh an chú an scéal. Ach tháinig an lá a's fuair an Cú amach gur b'í a mhnaoi féin a bhí i dtigh an Ghabha. Chuir sé fios uirthe is d'eachtruig sí do gach piollóid is cruadh chás d'á ndeachaidh sí tríd. Dubhairt sí gur lean sí tríd gach annró é a's nar bhfios d'aoinne cad a bhí fulaingthe aici. D'eachtraig an chú a scéal féin, go raibh sé fé dhraoidheacht ag an mBannríoghain draoidheachta i dtaobh ná pósfadh sé í, ach go raibh buaidhte ar an ndraoidheacht i dtaobh gur eirig léi teacht go dtí an dtír go raibh sé. Ghlaoidh sé chuige a sheirbhíseach agus d'órdaig do an tsean chailleach mhná a mharbhú. Dhein sé amhlaidh le duadh mór. D'imthig an draoidheacht do'n bprionnsa óg a's mhair sé leis is a bhean óg go sásta fé shaidhbhreas as san amach. Thugadar leó a dtriúr mac a bhí sciobaighthe ag an sean chailleach, agus bhí tamall in Éirinn acu a's tamall sa domhan toir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Kerry