Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 294
- XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ceann tinn nó odhar - Oidhneán a bheirbhiú agus an t-odhar a nígheadh leis an uisce a bheadh ' na dhiaidh.
Loscóidí - (i) Slándas beirbhighthe agus salann a chur a chur mar phlástra leó
(ii) An 7adh mac
(iii) Ceirí a dheineadh sean-mhná mar bheirbhíghdís galúnach, siúicre, gráinne plúir agus braon bainne i dteannta a chéile agus bhíodh ana-shúghadh braoin ag baint leis. Plástara galúnaighe a thugtaí air.
Teine Dhia - T'ainm a scríobhadh le dubhadh (ink) timcheall ar an bpaiste tinn.
Dóghadh talmhan - (Galar a bhíodh an-mhinic ar leanbhaí toisc iad a bheith cos-nochtuighthe) Seilmide brúighte idir phlaosc agus eile a chur mar ceirí leis an áit tinn.
Dathacha - An paiste tinn a chlogadh le neanntóg. Plástra clogtha a tugtaí air. Tá luibh eile leis ann (Ní heól a hainm dom fós) í seo a bheirbhiú agus an t-uisce a ól - ana leigheas iseadh é.Tinneas fiacaile - (i) Trí scréach a bhaint as fhrog idir na fiacla.
(ii) Do theanga a chuimilt do airc luachra.(leanann ar an chéad leathanach eile)