Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 006
- XML “Bean Leighis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean Leighis.
Tá bean annso sí sin Máire Ní Cinéide. Bhí sí na comhnuidhe air bhárr na faille i nDúnchaoin. Bhí sé ráidhte go raibh fios aici agus bhí leis. Théigheadh sí ag baint luibheanna agus dhéineadh sí plástar agus leighis dóibh. Do rángaig go raibh fear breáidhthe i bparróiste Múrach le galar éigin nár bh'fhéidir a leigheas.Do chualaidh a bhean trácht air bhean an leighis.
Bhuail sí uirthi a seál agus bhuail siar ag triall uirthi. Nuair a shrois sí Dúnchaoin d'innis sí a scéal dí mar gheall air a fear agus air an ngalar a bhí air. "Seadh" arsa Máire bean an leighis- "tá fios agamsa cad atá air an mbuachaill sin. Seo buideal anois duit. Má shroiseann leat é a thabhairt i gceart leat agus gabháil i gceart leis déanfaidh sé é do leigheas."(leanann ar an chéad leathanach eile)