Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 170
- XML “Scéal Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí na Sasanaigh i gcoinnibh na sagart fadó do bhí cúig phúint ar cheann sagairt. Do chaitheadh ne sagairt agus na Caitoilicig imteach as an dtír go dtí an bhFrainnc agus go dtí tíortha eile. Do bhí lánamha ann. Do bhí cuid mhaith airgid aca. Do chaitheadar féin agus a gclann imcheacht sall go dtí an bhFrainnc. Sé an áit a chuadar ar dtús ná sall go chéibh Londúin. Ní raibh ach an mac do b'óige ach dhá bhlian. Nuair a bhíodar shíos ar an gcéibh do bhí an leanbh óg na sheasaimh i naice le na mháthair. Do d'fhéach sí thart agus nuair a d'fhéach sí tharnais aríst do bhí an leanbh imithighe agus ná feadair sí cá raibh sé uaithi. D'impigh an sgeal ar fuaid na h-áite. Do bhíodar ana naomhta ar fad. Taréis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann