Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa mbliadhain 1654 ní raibh cead ag Caitoilicig Aifreann d'éisteach. Thagadh sagairt i bhfad ó bhaile ag léigheamh Aifrinn cois na bh'fotharacha dos na daoine. Sa mbliadhain 1840 tháinig sagart agus mórán daoine aníos go dtí caladh an Daingin ó Bhaile Átha Cliath mar bhí an tóir na ndiaidh ag na Sasanaig. Ba chuma leis na Caitoilicig an uair sin ach Aifreann.
Do thógadar leó bád seólta agus líonadar an bád do bhiadh lé heagla go mbearfadh gairid ortha. Do sheóladar ón nDaingean aníos siar go dtí Inis Mhic Faoileán. Do bhí morán campana aca. Do bhíodar ag tógaint an tSéipeal seo dhá mhí mar ní leigfeadh eagla dóibh dul síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann