Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 085
- XML “Scéal Fathaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean agus fear na chómhnuidhe fadó i dtigín beag i dtaobh sléibhe. Bhí beirt inghean aca agus bhíodar thar bárr le na gcuid deiseacht. Bhí a leicin de dhath an róis is a bhfolt de dhath an óir bhuidhe, is a snódh de dath an ealla. Bhíodar múinnte, béasach deagh-iomprach.
Fuair a máthair bás is gan iad ró chríonadh. Do phós a n-athair bean eile. Bhí leas mháthair ano[is] aca. Do bhíodh ana fhormad aici leó agus bhíodh sí in éad is in aosantas de síor leó. Chun sgéal gearra a déanamh do, bhí inghea[n] aige an leas mháthair. Ní fhéadfadh an cat feachaint ar a deiseacht. Ba dhual máthar dí a bheith ag gabháil agus ag síorthroid leis na caillíni. Ní fághadh na caillíni(leanann ar an chéad leathanach eile)