School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Uí Shéaghdha 'na sheasamh sa naomhóg & an bheirt eile suidhte. Sa tarrac dóibh bhris an téad. Do cuiredh Mac Uí Sheaghdha amach ar a cheann sa bhfairrge agus níor eirigh sé ar ais.
Dóighteán: Sa bhliain 1915 chuaidh coca breágh féir le Séamus Máirtín ós na Gorta Dubha fé theine. Fuair sé a luach amthach ó n gCúirt. Sé an rud a dubhart sagart a bhí annso mar gheall air ná go raibh "doghadh croidhe & dodhadh garraidhe ar Shéamus Máirtín - croidhe dubh dóighte & garraidhe dubh dóighte".
Dóighteán Tighe na gCóisgeárdaí (Coast Guards) 1922: Sa bhliain 1922 do cuireadh staisiúin na gCóisgeárdaí i mBaile na nGall fé theine. Poblachtánaig na h-áite a dhein é aimsir an achrainn is an annróidh. Cúpla oidhche 'na dhiaidh cuireadh tig na gCóisgeárdaí i bparróisde Fionntragha - ar an gCathair agus Árus na bpóilíní i mBaile'n Fheirtéaraig marabhfuil tig ósda Dhún-an-Óir anois. Do chuireadh fé theine san am céadna san, saghas dúna a bhí ag saighdiúirí Shasana ar Chnoc an Bhaile Uachtrach i naice Ceann Goib-an-Féich. Bhí sean-túr sa phaisde céadna fadó. Túr an Baile Uachtraigh a tugtaí air.
Faill an tighe dóighte: Tá an fhaill seo marabhfuil bungaló an mhinistir (Parson McClean). Ní foláir nó cuireadh fé theine tig éigin san áit seo fadó ach ní cuimhin le h éinne beo anois é, ná níor chualadar a muinntir ná a sean-mhuinntir ag tracht thairis(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Mainín
- Gender
- Female
- Informant
- Diarmaid Ó Curáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry