Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 486
- XML “Seanscéal - An Capall Mara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is é ag déanamh ar lár na h-oidhche chuir sé dhe an doras amach, bata teann teagartha greamuithe 'na dhorn aige is fuadar malluithe fé. Do thug a bhean tamall mhaith a dh'iarraidh é a chosc ar dul amach fé chontabhairt an dorchadais ach ba bheag a' mhaitheas di é. Ní bhainfeadh diabhal ná deamhan aon cheart de is ní thug sé aon áird ar a cuid cainnte an bhean bhocht. Seadh ach go h-áirithe thug sé faid gach n'fhaid cois claidhe sa ghort gan aon rud á dh'fheiscint aige go dtí amach san oidhche gur bhraith sé mar bheadh capall ag déanamh ar an ngort. Ní labhair sé focal féachaint an dtiocfadh éinne indiaidh an chapaill is nuair nár tháinig níor dhein sé ach í do bhreith leis abhaile. Chuir sé isteach san stábla í, ach ní tháinig éinne á lorg. Nuair a chonnaic sé nár tháinig is nár bhraith éinne uaidh í is ná raibh a tháisg ag éinne chuaidh sé fé dhéin tíghe an t-sagairt agus chuir sé an scéal fé na bhrághaid. Dubhairt an sagart leis an capall a choimeád. Tháinig se abhaile agus do chuir sé an capall ag oibriú ach bhí a ghnó an-aisteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí