Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 487
- XML “Seanscéal - An Capall Mara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige mar ná déanfadh sí dada do, stróc ná strác oibre ó moch maidhne go buidhiú gréine. Bhí draoidheacht éigin ag an gcapall mar do luig sé léi agus do choimeád sé í go ceann bliadhna go raibh siorrach aici. Seadh ní hé gach éinne a gheobhadh an siorrach céadna san uaidh. Do thug sé do dhuine muinnteardha dho i Baile'n Éanaig é. An dara bliadhain bhí siorrach eile aici agus do thug sé do dhuine a bhí insan mBaile Uachtrach é. Agus an tríomhadh bliadhain do rugadh an tríomhadh siorrach di. Thug sé d'fhear a bhí mBaile'n Chalaidh é sin. Tamall maith 'na dhiaidh sin agus é na chapall óg do bhí an fear so lá ag treabhadh agus é ar a dhícheall d'iarraidh an gort a bheith treabhtha an lá san aige. Ach chómh lúath is a thosnuig an ghrian a bheith ag buidhiú do chuir sí stailc suas agus ba dhóbair ná mhairbh an fear an capall. Do bhí gach aon scread is béic aici go dtí gur bhog sí í féin as a crúcaibh agus siúd trí Bhaile an Chalaidh síos, a h-earball buailte ar a caol drom aici agus a ceann san aer. Bhain sí mac-alla as na cnuic mórtimcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí