School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is é ag déanamh ar lár na h-oidhche chuir sé dhe an doras amach, bata teann teagartha greamuithe 'na dhorn aige is fuadar malluithe fé. Do thug a bhean tamall mhaith a dh'iarraidh é a chosc ar dul amach fé chontabhairt an dorchadais ach ba bheag a' mhaitheas di é. Ní bhainfeadh diabhal ná deamhan aon cheart de is ní thug sé aon áird ar a cuid cainnte an bhean bhocht. Seadh ach go h-áirithe thug sé faid gach n'fhaid cois claidhe sa ghort gan aon rud á dh'fheiscint aige go dtí amach san oidhche gur bhraith sé mar bheadh capall ag déanamh ar an ngort. Ní labhair sé focal féachaint an dtiocfadh éinne indiaidh an chapaill is nuair nár tháinig níor dhein sé ach í do bhreith leis abhaile. Chuir sé isteach san stábla í, ach ní tháinig éinne á lorg. Nuair a chonnaic sé nár tháinig is nár bhraith éinne uaidh í is ná raibh a tháisg ag éinne chuaidh sé fé dhéin tíghe an t-sagairt agus chuir sé an scéal fé na bhrághaid. Dubhairt an sagart leis an capall a choimeád. Tháinig se abhaile agus do chuir sé an capall ag oibriú ach bhí a ghnó an-aisteach(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Riasc, Co. Kerry