School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 487

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 487

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 487
  3. XML “Seanscéal - An Capall Mara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige mar ná déanfadh sí dada do, stróc ná strác oibre ó moch maidhne go buidhiú gréine. Bhí draoidheacht éigin ag an gcapall mar do luig sé léi agus do choimeád sé í go ceann bliadhna go raibh siorrach aici. Seadh ní hé gach éinne a gheobhadh an siorrach céadna san uaidh. Do thug sé do dhuine muinnteardha dho i Baile'n Éanaig é. An dara bliadhain bhí siorrach eile aici agus do thug sé do dhuine a bhí insan mBaile Uachtrach é. Agus an tríomhadh bliadhain do rugadh an tríomhadh siorrach di. Thug sé d'fhear a bhí mBaile'n Chalaidh é sin. Tamall maith 'na dhiaidh sin agus é na chapall óg do bhí an fear so lá ag treabhadh agus é ar a dhícheall d'iarraidh an gort a bheith treabhtha an lá san aige. Ach chómh lúath is a thosnuig an ghrian a bheith ag buidhiú do chuir sí stailc suas agus ba dhóbair ná mhairbh an fear an capall. Do bhí gach aon scread is béic aici go dtí gur bhog sí í féin as a crúcaibh agus siúd trí Bhaile an Chalaidh síos, a h-earball buailte ar a caol drom aici agus a ceann san aer. Bhain sí mac-alla as na cnuic mórtimcheall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhuircheartaig
    Gender
    Female
    Address
    An Riasc, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Muircheartaig
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Riasc, Co. Kerry