Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 532
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)slabhra istig i seomra. Tar éis na ba a bheith curtha isteach ar an diméin dubhairt Fionn leis cur dho mar ná raibh aon ghnó aige féin dho. Seadh shuidh sé fé bhun crainn agus a chlaidheamh aige. Lár na h-oidhche bhraith sé chuige tríd an gcoill fathach. Chuir an fathach na ba [?] na suidhe agus d'fhéach sé ortha féachaint cioca acu a b'fheárr. Thóg sé leis í agus bhí sé 'á bagairt leis. D'eirig Fionn agus sháruig sé an bhó air agus d'fhaifruig sé dho cá raibh sé ag tabhairt na bó san. "Nách cuma dhuit cailim ag dul léi a raispín bhig" arsan fathach. "Dá chúmhartha nách cuma ní bhéarfaidh tusa leat í" arsa Fionn. Thug an fathach fé agus seo chun a chéíle annsan iad. Bhíodar ag gábhail dá chéile do chlaidhte géara i mbun is i mbárr asnaidheacha. D'eirig Fionn annsan do lútha cnámh is do shnaidhmeanna a chos. Bhain sé an ceann do'n bhfathach. Tháinig Fionn abhaile annsan go dtí cúirt an duine uasail. Bhí an duine uasal agus a bheirt inghean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Bodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí