School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 532
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slabhra istig i seomra. Tar éis na ba a bheith curtha isteach ar an diméin dubhairt Fionn leis cur dho mar ná raibh aon ghnó aige féin dho. Seadh shuidh sé fé bhun crainn agus a chlaidheamh aige. Lár na h-oidhche bhraith sé chuige tríd an gcoill fathach. Chuir an fathach na ba [?] na suidhe agus d'fhéach sé ortha féachaint cioca acu a b'fheárr. Thóg sé leis í agus bhí sé 'á bagairt leis. D'eirig Fionn agus sháruig sé an bhó air agus d'fhaifruig sé dho cá raibh sé ag tabhairt na bó san. "Nách cuma dhuit cailim ag dul léi a raispín bhig" arsan fathach. "Dá chúmhartha nách cuma ní bhéarfaidh tusa leat í" arsa Fionn. Thug an fathach fé agus seo chun a chéíle annsan iad. Bhíodar ag gábhail dá chéile do chlaidhte géara i mbun is i mbárr asnaidheacha. D'eirig Fionn annsan do lútha cnámh is do shnaidhmeanna a chos. Bhain sé an ceann do'n bhfathach. Tháinig Fionn abhaile annsan go dtí cúirt an duine uasail. Bhí an duine uasal agus a bheirt inghean(continues on next page)
- Collector
- Brighid Bodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry