Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 533
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'na suidhe roimis. Fuair sé blas gách bídh, is sean [?] gach dighe, mil griagach, is beór lochlannach is báisíní trioma teó. Chuaidh sé a chodhladh dho féin annsan. 'Stoidhche lár na mháireach nuair a bhí na ba crúidhte d'imthig sé 'an ghort arís. D'imthig an buachaill uaidh abhaile mar a dhein sé an oidhche roimis sin. Shuidh Fionn san áit céadhna a bhí sé aréir roime sin. Lár na -oidhche chualaidh sé chuige tríd an gcoill fathach na dtrí gceann, na dtrí mbeann, na dtrí muineál, na dtrí gcluasa déag ar sileadh siar síos ar a thúin. Bhagair sé leis an bhó a bhí an fathach eile ag tógaint leis aréir roimis sin. Tháinig Fionn roimis agus d'fhiafruig sé dho cá raibh sé ag tabhairt na bó. "Is cuma duit" arsa an fathach "mar ní h-aon phioc dod' chuid seo [?] í. Seo chun a chéile iad ag gabháil do chlaidhte géara i mbun is i mbárr asnaidheacha ar a chéile. Dheinidís talamh bog do'n dtalamh cruaidh is talamh cruaidh do'n dtalamh bog. Do thairrigídís toibreacha fíor uisge aníos(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Bodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí