Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 534
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí chroidhe na gclocha glasa. An fóidín gabhadh do d'imthigheadh ó chois duine acu ní stadadh sé trí chorruithe, bogaiththe, báidhte, sléibhte go mbaineadh sé laogh druimean buidhe as an mbó druimean uaine ná féachaint aon tarbh na súilicín riamh. Do bhíodar ag gábhail dá chéile go dtí lár na h-oidhche siar agus bhí Fionn 'á chur i ndiaidh a chúil. D'eirig sé do bhuail sé deór an chínn agus an mhuiníl agus bhain sé dho an ceann. Tháinig sé abhaile agus e loitithe geára go maith. Seadh caitheadh síos go daibhche nimhe é, ó dhaibhche nimhe go daibhche slánuiththe is bhí sé chomh maith is bhí sé riamh. D'ith sé a chuid bídh is chuaidh sé a chodladh is gádh aige leis. An tríomhadh oidhche annsan nuair a bhí na ba crúidhte cuaidh sé féin agus an garsún 'on [?] gort. D'imthig an garsún abhaile agus shuidh Fionn fé bhun an chrainn a bhí sé aréir roimhe sin. Bhraith sé chuige fathach na gcúig gceann, na gcúig mbeann, na gcúig muineál. Bhí ubhall na coille aige 'á shníomh an crann críonna aige 'á raobadh agus 'á bhriseadh le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Bodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí