School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 534

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 534

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 534
  3. XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    trí chroidhe na gclocha glasa. An fóidín gabhadh do d'imthigheadh ó chois duine acu ní stadadh sé trí chorruithe, bogaiththe, báidhte, sléibhte go mbaineadh sé laogh druimean buidhe as an mbó druimean uaine ná féachaint aon tarbh na súilicín riamh. Do bhíodar ag gábhail dá chéile go dtí lár na h-oidhche siar agus bhí Fionn 'á chur i ndiaidh a chúil. D'eirig sé do bhuail sé deór an chínn agus an mhuiníl agus bhain sé dho an ceann. Tháinig sé abhaile agus e loitithe geára go maith. Seadh caitheadh síos go daibhche nimhe é, ó dhaibhche nimhe go daibhche slánuiththe is bhí sé chomh maith is bhí sé riamh. D'ith sé a chuid bídh is chuaidh sé a chodladh is gádh aige leis. An tríomhadh oidhche annsan nuair a bhí na ba crúidhte cuaidh sé féin agus an garsún 'on [?] gort. D'imthig an garsún abhaile agus shuidh Fionn fé bhun an chrainn a bhí sé aréir roimhe sin. Bhraith sé chuige fathach na gcúig gceann, na gcúig mbeann, na gcúig muineál. Bhí ubhall na coille aige 'á shníomh an crann críonna aige 'á raobadh agus 'á bhriseadh le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Bodhlaeir
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Ac Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry