Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 545
- XML “Scéal - Fionn agus an Gruagach”
- XML “Scéal - An Gadaí Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"An bullán san thuas a chaitheamh thar tig agus é a ghabháil sar a dtuitfidh sé ar an dtaobh eile" arsí.
Siúd amach é. Rug ar an mbullán agus chaith siar í ach mo léir! bhí sí ina pleist ar an dtaobh eile sar a raibh sé thoir.
"Ó is iongantach na daoine na Féinne" ars é leis féin. "Is dócha nách fearra dom iad a bheith sa bhaile. Má táid go léir níos fearr ná an leanbh sa chliabhán ní h-aon dóithín iad. Bhailigh sé leis a shop a's a mheanaithe agus d'imthig leis abhaile. - Bhí athair is máthair an gharsúin seo caillte agus a mháthair chríona a bhí á thógaint. Chuir sí ar scoil é. Bhí se ag eirghe suas agus d'fhán sé istig ó scoil. Bhí sé 15 d'aois. Aon rud a chidhfeadh sé bhíodh sé a d'iarraidh é do ghoid. Árd bitheamhnach do b'eadh é bhíodh a mháthair chríona ag gabháilt dho cionn é bheith ag(leanann ar an chéad leathanach eile)