Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dtéadán. "Maith go leor" ars an gaduidhe óg. Annsan do thug an gaduidhe dubh léim & bhuail sé a chos trí h-uaire ar an bhfalla agus má seadh ní scaoil an gaduidhe óg leis an dtéadán. Do chroch sé an maighistir - an gaduidhe dubh - agus bhí a chuid stóir is saidbhris aige féin. Chuir sé dhe a bhaile go dtí n-a mháthair-críona agus paca óir aige. Do phós sé ingean duine uasail, agus oidhre do b'eadh í sin. Thuit talmhaintí méithe a h-athar chuig na beirte & bhí saidhbhreas cróis aca. Ach i gcionn tamaill d'imthig droich chrích ar an ngaduidhe óg. Níor d'eirig an ghaduidhe acht leis. Lá dos na laetheannta is é ag marcuidheacht timcheall na feirme dho féin go mustarach, morchúiseach ar chapall breagh ghreanta, do raid sí agus do léim sí agus buaileadh an gaduidhe óg ar phléasc a dhroma ar an mbán. Do briseadh is do brughadh, is do leonadh é & thug sé tamall 'na chrúnca canncarac, céasda, a cheann buaite ar na cosa aige agus do b'é Ifrionn 'na bheathaidh do é. Fé dheire do fuair sé bás is ní raibh cíos, cás na cathú ar éinne 'na dhiaidh.
- Bailitheoir
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Mhártain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí