School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 552

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 552

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 552
  3. XML “Scéal - An Gadaí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an dtéadán. "Maith go leor" ars an gaduidhe óg. Annsan do thug an gaduidhe dubh léim & bhuail sé a chos trí h-uaire ar an bhfalla agus má seadh ní scaoil an gaduidhe óg leis an dtéadán. Do chroch sé an maighistir - an gaduidhe dubh - agus bhí a chuid stóir is saidbhris aige féin. Chuir sé dhe a bhaile go dtí n-a mháthair-críona agus paca óir aige. Do phós sé ingean duine uasail, agus oidhre do b'eadh í sin. Thuit talmhaintí méithe a h-athar chuig na beirte & bhí saidhbhreas cróis aca. Ach i gcionn tamaill d'imthig droich chrích ar an ngaduidhe óg. Níor d'eirig an ghaduidhe acht leis. Lá dos na laetheannta is é ag marcuidheacht timcheall na feirme dho féin go mustarach, morchúiseach ar chapall breagh ghreanta, do raid sí agus do léim sí agus buaileadh an gaduidhe óg ar phléasc a dhroma ar an mbán. Do briseadh is do brughadh, is do leonadh é & thug sé tamall 'na chrúnca canncarac, céasda, a cheann buaite ar na cosa aige agus do b'é Ifrionn 'na bheathaidh do é. Fé dheire do fuair sé bás is ní raibh cíos, cás na cathú ar éinne 'na dhiaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin Ni Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Mhártain
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry