Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do'n gaduidhe ag triall ar chaoire i gcomhair na Noglag. Nuair a d'imthigh sé dubhairt an gaduidhe beag go n-goidfeadh sé féin an chaoire ó'n garsún. "Cuirfead cuig púint leat" ars an Gaduidhe Dubh "ná goidfir". "Cuirfead sa cúig púint leat" ars an gaduidhe óg "go ndéanfad".
Do ghread an gaduidhe óg leis & chuaidh sé isteach i ngort agus bhain sé dhe a bhróga. Cuir sé roim an garsún ar an mbóthar na bróga (d'éaluigh sé an comgar roim an garsún). Nuair chonnaic sé sin na bróga, ceangail sé an chaoire do thor aitinn agus d'imthig sé ag triall ortha is mbróig. Nuair fuair an gaduidhe óg an caoi sciob se leis an chaora agus bhain sé amach an tig lei. Do bhí an geall aige. Nuair chonnaic an gaduidhe dubh an ghaisg sin agus na bearta eile a bhí déanta aige tháinig eagla is uamhan air roimis. "Chuirfead cúig púinnt leat ná déanfá an cleas so" ars é leis an ngaduidhe óg. "Cuirfead sa cúig púint leat go rithfidh liom a dhéanamh" ar sé sin. "Teanam amach sa gharraidhe" arsan gaduidhe dubh. Chuadar. "Cuir an téad sa ar do mhuinéal agus tabhair léim as do corp & buail do chos ar an bhfalla trí h-uaire". "Déin-se ar dtúis é" ars an leaid. "Anois" ars an Gaduidhe Dubh nuair a chrothfad mo cheann scaoil leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Mhártain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí