Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 241](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_241.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 241
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhair bean i mbóthan beag leí féin fadó agus ní dúbhairt sí lé aoinne ríamh súidhe síos. Bhí a fhios ag gach aoine cad é an sórt í. Oidhche amháin chuir buachaill geall lé buachaillí eile go ndéarfadh sí leis féin súidhe síos Súid leis go dtí an mbean agus bhí sí ag fagháil roimis Do dheas sé idir í agus an solus agus do chráidh sé í chómh mór sin fur dein sí an rann seo ach do d'fhreagair an buachaill í chómh maith agus cuir sí cesit cuige agus seo i an rann.
"Cad as an gaindal"?
"Anúas ó na teanntaibh".
"Ní h-éoladh don ann thú"?
"Ní lúgha má bhím ain mhuis"
"Cad is ainm duit"?
"Seán bhí as súidhe no neach"
"Seadh Sheán bí at súidhe nó neach"!
"Bead th ana le'd thoil bean, tíghe"
"Ní tú deirim".
"Is tú creidim"
Do suid Seán síos agus bhí an geall aige.- Faisnéiseoir
- Síobhán Ni Muiceartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí