Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair sé bád ansan agus d'imig sé féín agus a ghadhar bran go dtí athair na bhféár ngorm. D'iarr sé sin air an bhfeaca sé a trúir mhac mar go gcuadhar go hÉirinn chun Fionn mac Cumhail a mharbhú. Dúbhairt Fionn ná feaca. Ansan dúbhairt an t'athar leis na marbheochadh aon nídh iad ach amháin trí caipíní a bhí thiar ansan ar an lochta. D'imtig an t-athair amach agus thug Fionn aon léim amháin agus chuaidh sé ináirde ari an lochta agus rug sé leis na trí caipíní. Ansan tháinig sé abhaile agus thairrig sé gach duine acu aníos as an bhfairrge agus theasbáin ré an caipín dóibh agus fuaireadar bás indiadh a chéile.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mám an Óraigh, Co. Chiarraí