School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sead, tháinig lar na mháireac agus tháinig an bacach go luath ar maidhin. Dúbradh leis dul síos an tseómra mar gur ann a bhí an t-airgead. Bhí usice te ar an dteine ag an gcailín agus do chaith sí ar an rabáir é. Dógad agus greadadh é. Annsan pósad an cailín agus an buachaill aimsire agus bhí an dá chead phúnt aca, a fuair an buachaill aimsire i n-ialaith an chapaill a ghoid sé ós na rabaóírí.
- Is annamh a thagann na bacaig tímcheall anois, sa t-Samhraidh is mó a thagann siad. Daoine bochta iseadh iad a bhíonn ag dul tímcheall ó thig go tig ag bailiúghadh deírce agus ná bíonn aon áit cómhnuigte aca chun codailt gach oidhche acht ag brath ar na cómharsan chun loístín a thabhairt dóibh. Níl acht foth dhuine ag gabháil tímceall anois mar tá airgead deírce ghá fágal aca ón Riagaltas. Níl cead aca dul amac ag baliú in aon chor anois gan rudaí beith ghá ndíol aca. Nuair a thagann na mná timceall is gnáthach leó buiscéad lán do rudaí bheith ghá ndíol aca agus nuair a thagann na fir tímcheall bíonn cuid aca bacach, agus daoíne lúthmara láidre iseadh a chuile aca.Fadó, bhíodh an áit lán do bhacaig, cuid aca na dtáíliúirí agus cuid eile na dtuíncéirí, agus mar sin dóibh. Fear amháin aca(continues on next page)