Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é bheith mar cheann ortha. Do bhí an fear so ana dhian ar na fearaibh mura noibireóchaidís cruadh go maith do bhrisfeadh sé iad agus doibríghidís chómh cruaidh le heagla roimis go mbídís ag tuitim annsan ar an mbóthar leis an ocras. Ní raibh de thruagh ag Seán dóibh acht a bheith ag gáire ídhe fútha. Lá amháin do bhí sé féin ag cur 'Blast' fé chloich mhóir. Níor chuir sé isteach i gceart é agus níor phléasg sé. Chuaigh Seán i dtreó na cloiche agus ní raibh sé acht díreach ag an gcloich nuair do shéid an púdar. Buaileadh san aghaidh Seán agus caochadh é. Sin é an fáth go bhfuil sé an ainm. Seán Dall. Ní raibh puinn truaig ag aoinne den lucht oibre dho.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhiannachta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Eóghan Ó Fiannachta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Chiarraí