Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Doineann
Tímcheall le 10 mbliadhna fichead ó shoin do bhí gála mór gaoithe tímcheall na h-áite seo agus do dhein sé mórán díobhála. Do bhain seid féir ag fear gur b'ainm do Nelligan ó Bhaile Móir agus do scuab an gaoth leis í go dtí an cladán sé sin 3 mhíle ó bhaile. Do bhí coca trom féir i mbaile mbea???? (tímcheall 2½ tn) agus do tógadh glan é ón dtalamh agus tugadh go dtí Baile an Mhuilliinn é sé sin seacht míle ó baile. Thuit sé i mBaile Mhuillinn agus ní raibh fhaic air, amháin bhí na téada ar an gcoca fós. Do leag an stoirm cheadhna tig na mbó ar Pádraig Ó Néill ó Bhaile Móir agus do thóg sé an ceann dá thigh cómhnuighthe. Do bhris sé gach doras agus fuinneóg a bhí ar an dtig agus thug sé éadaighe na leabthan amach tríd ceann an tíghe. Do bhí sean duine ag obair aca agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí