Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Tagann fear gur b'ainm do Mac Cárthtaí do tímcheall annso cúpla uair sa bhliadhain. Bíonn sé ag díol galúnaighe agus iallacha bróg. Bailígheann sé ruaimneach agus buidéil. Codluigheann sé sa chistin mar deir na daoine gur fear ana shaibhir é agus go bhfuil a lán airigid aige agus coimeádann sé a mhála fé na cheann.
(2) Tagann fear eile gur b'ainm do Danny Coffie ana mhinic tímcheall na háite seo. Bailígheann gach duijne óg agus aosta isteach ag éisteacht leis mar bíonn sé lán do sgéalta acht is i mbéarla a bhíonn sé a n-innsint. Tá a lán amhrán aige leis agus bíonn sé é á rádh. Ní raghadh sé in aon leaba acht téigheann sé isteach i bpaca sa chúinne. Bíonn mála beag aige air a dhrom agus bíonn sé ag deisiúghadh umbrellas. Ní thógfadh sé déirc acht a dhóthain le nithe.
(3) Tagann Mary Crownes ag bailiúghadh prátaí agus ag díol éisg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí