Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile an Ghóilín an ainm athá ar mo bhaile. I bparóiste an Daingin athá sé agus i mBarúntacht Chorca Dhuibhne. Tá trí tighthe dhéag sa bhaile anois agus ní raibh an oiread san ann le 150 bl. Tighthe slinne iseadh iad go léir. Súilleabhánig an ainm is coitchiannta ann. Sé an fáth go dtugfadh Baile an Ghóilín air mar tá góilín ag teacht isteach ann ó bhágh an Dainghin. Tá sean-duine ins gach tig agus Gaedhlinn athá aca san acht tá Béarla is Gaedhlinn ag na fearaibh óga atá sa bhaile. Bhí Cinnéidig ann acht chuadar san ar fad go hAmericá. Do luadhadh a ainm in amhrán:-
1
Captaén na luaite ó Bhaile ‘n Ghóilín
Chuir dís dos na peelers le chéile
Gur órduig sé siúd dóibh a ngó
Do dhéanamh cruinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí