Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuid aca i bpoll taréis a mbainte chun síl. Deintear poll mar seo:- Gearrtar poll tímcheall leath-throig síos sa chré agus tuighe do chur tímcheall air. Annsan caithtear na prátaí isteach agus deintear iad do chlúdach le tuighe nó raithneach. Cuirtear cré annsan ar an tuighe agus pacáltar go maith é. Fágtar annsan iad go dtí go mbídhtear ag cur na prátaí airís. Úsáidtear 'Kerr Pinks,' Prátaí bána, Seaimpíní, Mac Quaids, agus Orange Chiefs, Beauties, White pinks, Blacks, Epicures, British Queens, agus Irish Queens annso. Isead na McQuaids is fearr. Deintear Staimpí nuair a bhíonn an clabhsúr ar bhaint na bprátaí. Ní deintear é acht aon uair amháin i rith na bliadhna, 'sé sin nuair a bhíonn an clabhsúr acu. Scriostar na prátaí le gráta agus fáisgtear iad le h-éadach. Annsan cuirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí