Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de'n t'sáipáil. Do leanadar don bhruighean suas bóthar Cathair Áird agus bhí bruighean mór aca i bPáirc thuas ann agus mharbhuigheadh mórán des na Gearaltaig agus cuireadh ins an bPáirc sin iad. Do bhí capall óg age duine dos na Treanntaig agus cuimhnig duine des na Gearaltaig gur mhaith an rud an srian a gearradh agus scaoileadh leis an gcapall ar cos anáirde. Do dhein sé é sin agus níor stad an capall riamh is coidhche nó go dtáinig sé go dtí poll mór isteach sa bhfaill ar an dtaobh thoir do Fionntrágha. Ní raibh fhios ag an Treanntaig cad a dhéanfadh sé anois mar ceap sé ná léimfeadh an capall an poll go deó. Do thug sé na spuir den gcapall agus léim sé an pholl gan aon duadh. Ní raibh aon nídh ag cuir tinnis air anois acht gur b'amhlaidh a bheadh doras an stábla ar osgailt, agus go mbainfí an ceann do sa doras. Do connaich seana bhean ón mbaile ag teacht é agus dhún sí doras an stábla. Tháinig sé slán abhaile. Tamaill ina dhiaidh sin bhí na Treanntaig ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí