Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 190
- XML “Coinín - Ainmhithe Allta”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é. - Leighiseanna
1. Dulmán a bheirbhiúghadh agus sáile cur sa corcán 'na theannta agus an duine a níghe ann.
2. Bruitíneach:- An fuighleach a fhághadh an fhiréad 'na dhiaidh a d'ól.
3. An leanbh a chur isteach fé bholg an asail:- Leigheas is eadh é sin don triuc .
4. Dhá fhrog a chur isteach id bhéal:- Cun tinnis fiachal a leigheas. Bhí tobar i laithtaoibh agus théigheadh na daoine ag tabhairt an turais ann gach bliadhain. Leighiseadh sé na daoine a bheadh caoch. Bhí fear ann agus bhí capall breágh láidir aige agus bhí sé caoch. Thug sé an capall ag tabhairt an turais. Leigheasadh an capall agus buaileadh an fear caoch agus níl aon leigheas insan tobar ó shoin.Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí