Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 223
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is fada an Luan é a Cíomháin.
In uisge fuar nách bhfuil foláin
Acht dá bhfaghainn-se féin mo rogha
D'losfainn leath don domhan.
Sé an Luan a bhí Cíomháin ag trácht air ná "Lá an Luan" .1. an Lá Déidheannac.Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é. - Ráthanna agus Liosanna
Tá lios i mBaile Móir i dtalamh muinntir Uí Cinnéide. Tá ceann eile i dtalamh muinntir Uí Fhiannachta agus táid i radharc a chéile. Lios céarnógach iseadh é agus tá poll ná lár. Deirtear go gcuirfeadh an Lochlannaig ór i bhfolach ann agus go mbíodh brocanna á fhaire dóibh agus tá mórán dos na brocannaibh ann fós. Deirtear aon oidhche amháin go raibh Muiris Ó Cléirig ag teacht abhaile leis na ba agus ní raibh aoinne 'na theannta acht an madra agus nuair a bhí sé ag teacht gearrha don lios thosnuig an madra ag sceamhuighíl. Connaic Muiris Ó Cléirig an solas sa lios agus daoine beaga agus casóga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighréad Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí