Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cian na mBeann Óir
1. Siobhán Ní Súilleabháin, Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
2. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
10. 6/3/'38Bhí fear ann fadó agus bitheamhnach do b'eadh é. Bhí dáréag cloinne aige agus bíodar i n-a gcomhnuidhe i dtig thíos fé'n dtalamh. Bhí an fear so ana mhaith dos na daoine bochta. Gach duine acu a ghabhadh an bóthar thugadh sé go dtí n-a thigh féin iad agus thugadh sé biadh agus deoch agus lóistín na h-oidhche dóibh agus bóthar go leigeadh sé isteach iad ní amach annsan a leigeadh sé iad tráthnóna, chun ná beadh eolas chun an tighe acu.
Gach duine saidhbhir a ghabhadh an treo chun a thighe bhaineadh an fear so gach pingin dá gcuid airigid díobh agus bhí cnocán mór airgid aige ar deireadh. Chaith sé a shaoghal ar an slighe sin ag guid agus ag foghail agus ag fuadach. Nuair a bhí sé críonna roinn sé a chuid airgid ar a chlann mhac go léir agus nuair a bhí sé ag fághail bháis chuir sé fios ar an Sagart agus dhein sé aithrighe. Bhí sé ag cur síos do'n Sagart ar conus mar a bhí an saoghal caithte aige. Gach rann a chuireadh sé as deireadh an Sagart "Is beag é mo mheas ort a Chiain". Nuair bhí deireadh ráidhte ag an bhfear dubhairt an Sagart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí