Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Cormac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “An Gruagach agus Fionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Grúgach agus Fionn
    Bhí bean ann fadó. Bhí beirt mhac aice agus cuplaí dhob' eadh iad. Ba mhór lei an trioblóid a bhí sí ag fághailt uatha. Lá amháin do buaileadh isteach i n-a h-aigne go mb'fhearra dí iad a bháthadh. Dhein sí dhá chiseán agus chuir sí leanbh isteach ins gach ceann. Leig sí síos leis an abhainn iad. Báthadh duine acu acht d'fhan an ciseán eile ag snámh ar bhárr an uisge.
    Bhí bean ag siúbhal ar bhruach na h-abhann tamall maith ó'n áit 'nar chaith sí isteach iad. Nuair a chonnaic sí an ciseán is an leanbh istigh ann tháinig iongnadh uirthe. Thug sí abhaile é agus d'fhás sé suas ar nós gach buachalla eile. B'é siúd an leanbh go dtugtar Fionn Mac Cumhail anois air. In-aois a seacht mbliadhan bhí sé ag eirghe ciallmhar. Cheap sé gurb í an bhean a thóg é a mháthair agus mar gheall ar sin bhí sé ceanamhail uirthi.
    Nuair a théigheadh sí go dtí an Baile Mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac Gearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    49
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí