Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí insan tsean-aimsir lánamha bocht agus ní raibh de mhuirear ortha acht aon ghearchaile amháin, agus cheapadar ná raibh sa tsaoghal acht í bhí sí chómh deas san, agus bhíodar ana bhocht ar fad. Lá breágh grianmhar i lár an tsamhraidh chuaidh sí amach ag priocadh bláthanna, cé go raibh sí anois in aois a h-óigeachta. Chuaidh sí tamall maith ó'n dtig agus ghabh teachtaire áirighthe ar druim capaill thar an áit. Bhí a chuid con le n-a chois aige, agus stad sé ós comhair an chailín amach ar feadh tamaill, agus annsan do labhair sé.
"Cad is ainm duit, nó cad as duit?" ar sé.
Do fhreagair an cailín é agus dubhairt "Ó Chill Áirne atá thuas uainn go deas is go h-aoibhinn, an áit is áilne d'ár chaithis súil, nó aoinne riamh neomat."
Mheas an fear úd gurbh'í an cailin ba sheise dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gabhlán Ard, Co. Chiarraí