Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “An Cailín Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfeaca sé riamh, agus d'iarr sé uirthe teacht in aonfhacht leis. Leig sí uirthe ar dtúis ná raghadh ná aon rud dá leithéid, ach ní raibh sí acht á thriail mar bhí fhios aice ná beadh aon droch-shaoghal aice (ar an gcuma a bhí air ) dá raghadh sí in aonfhacht leis , agus ní raibh uaithe ach an glaodhach.
    Do chuaidh sí in aonfhacht leis, agus nuair a shroiseadar an baile is amhlaidh a bhí pálás mór aoibhinn aige. Tháinigh áthas uirthe féin nuair a chonnaic sí é acht níor leig sí uirthe. Is amhlaidh a leig sí uirthe ná raibh sé maith a dóthain in aon chor di. Chuadar isteach agus d'ullamhuigheadh dinnéar mór do'n mbeirt acu. Ba bheag d'ith sí agus ba lugha ná san d'ól sí, cé go raibh gach saghas bídh agus dighe ar an mbord aice. Cheapadar annsan gurbh'amhlaidh ná raibh sé maith a dóthain di. Annsan do tógadh mórdtimcheall an phaláis í chun é thaisbeáint di. Do b'é an palás ba dheise da bhfaca aoinne riamh, mar b'é palás Riogh na h-Éireann é agus do b'é mac an riogh a bhuail léi ar an mbóthar.
    I dtuitim na h-oidhche do cuireadh suipéar breágh deas roimpi airís, an rí agus a mhac agus í seo. Ní raibh sí cainnteach in aon chor, agus do deimhin féin nior mór d'ith sí. Chuaidh sí a codladh agus aoibhneas ina croidhe is aghaidh brónach. Chuadar go leir a codladh an uair sin agus maidin lá'r na mháireach bhí breicfeást niosa fearr ina cóir, breicfeást ná féadfá do shúile do bhaint de, agus má seadh, leig sí uirthe ná raibh sé leath chómh maith leis an mbreicfeást a bhí aice féin ag baile.
    Ní raibh fhios ag an bhfear óg cad a dhéanfadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Gabhlán Ard, Co. Chiarraí