Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon mhaidin amháin timcheall a ceathair a' chlog bhí mo shean-mháthair ag dul go dtí an tobar ag triall ar uiscechun na h-éadaighe do nighe. Nuair a bhí sí ag teacht aníos ó'n dtobar chonnaic sí fear ar muin capaill agus éadaigh donna air. Tháinigh sé aníos an bóthar agus nuair d'fhéach sí siar bhí sí imthighthe. Tháinigh sí féin abhaile, chuaidh amach go dtí an stábla agud bhí an capall imthighthe.
D'fhéach sí an fhuinneóg amach agus chonnaic sí an fear donn ar muin an chapaill airís. Chuaidh sí go dtí an doras agus má chuaidh bhí an capall le feiscint ach ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfear donn. Go h-obann do h-oscaileadh an doras, bualadh buille do'n bhfuip ar an gcapall agus chuaidh se isteach. Do dúnadh an doras airís ach ní fheaca sí aon duine. Annsan do dhein sí comhartha na Croise agus chuaidh sí isteach.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhonnchadha
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí