School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)í, is do phós sí fear ó'n dtaobh thiar de. "Abair le m'fhear céile " ar sise , is d'innis sí a ainm dó "nach bhfuilim caillte in aon chor, gurbh' amhlaidh a sciob na daoine maithe leo mé, ach ó'n uair nár bhlaiseas aon chuid d'á mbiadh fós go bhféadfadh sé mé scaoileadh uatha. Abair leis go bhfeicfidh sé scata mór daoine a leithéid seo d'oidhche ag an gcros-bhóthar is go mbead-sa ar muin capaill báin.
Do bhí iongnadh ar an bhfear a leithéid sin de scéal do chloisint is gheall sé go ndéanfadh sé a dhicheall di. D'imthigh sí léithe annsan. Chuir an fear scéala go dtí an fear sa Daingean a' rádh leis go raibh a bhean beo. Do baineadh an-gheit as mar bhí sé pósta airís is bhí sé i gcruadhchás. Sa deire chuaidh sé go dtí an sagart paróiste is chuir sé an scéal fé'n-a bhrághaid. Dubhairt an sagart leis gur fearra dó í fhágaint ag na daoine maithe anois, is do dhein sé. Ach chuaidh daoine go dtí an uaigh mar cuireadh í mar a cheapadar ach ní bean abhí ann ach giarrfhiadh.- Collector
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Informant
- Bean Uí Dhonnchadha
- Other names
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí