Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 007
- XML “Ní Bhíonn Aon Fháilte Roimis an mBás”
- XML “Droichead a' Teaidí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)orm gur bh'é an bás a bhí ann feuchaint ar bh'é an grá' ceart a bhí agat dom. Ach anois" arsan fear leis an mnaoi,"gaibh-se do bóthar féin agus geobhad-se mo bhóthar féin an chuid eile dem' shaoghal"agus níor ghaibh an lanú le chéile as san amach.
- Droichead a' Teaidí Conchobharach do bheadh "Teaidí"- b'fhéidir gurab' é'n ainm ceadna le "Téidí" é. Bhí ceathrar ingean ag Teadaí. Phós duine acu Jack i gCeann-Áird b'in í máthair Ghriagair Aghas. mac do Ghriagaire do b'eadh Tomás a cailleadh de dheasgaibh an Hunger Strike i Mountjoy. Inghean eile de Theaidí a bhí pósta ag Athair Jack Bhilly- Brosnachánach ar an bhfoiraigh [?] Inghean eile a bhí pósta sa tobar annso thíos. mac dí a bheadh Eoghan Eichtigeirn agus bhí an bhean eile pósta ag athair Jim Dowd thíos ar an gCoill Mhóir in aice an Clocháin. Cuir isteach anois cad é'n fhaid ó glaodh Droichead a Teadaí ar Dhroichead Lios-póil.
( Pádraig Ó Súilleobháin 78 Ceannárd - a chualaidh go rabhthas ag cur droichid nuaidh i Liospóil- bhíos-sa á cheistiú i dtaobh an tsean-dhroichid agus fáth gur tugadh "Teaidí" air agus cén fhaid a bhí sé tógtha 7c. [etc.] S. Ó Súilleobháin O.S.)- Bailitheoir
- S. O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí