Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 036
  3. XML “Muiris Raodóra (nó Muiris Réadóir)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann tamall maith de bhlianta ó shoin, dárbh ainm Muiris Réadóir. Bhí sé na chómhnuidhe in Árdamór Thuas ar an bhFatha (faiche) agus do réir mar deir siad ba gheall le baile mór an fatha an uair sin. Bhí oiread san tighthe beaga agus de bhotháin ann. Pé sgéal é bhí feirm bheag talmhan aige Muiris agus bhí stáca beag coirce spártha aige in ndeire na bliana áirighthe seo. Bliain ana olc dob' eadh é (í) agus bhí ana ghanachúis ar na feirmeóirí agus bhí gach aoinne acu ag ruith go dtí Muiris ag triall ar bheart do'n gcoirce. Fuair gach aoinne a tháinig beart ó Mhuiris ach ní raibh aon laigheadú ag dul ar an stáca beag. Lá amháin nuair ná raibh Muiris sa bhaile do chuir a bhean an stáicín coirce isteach anáirde ar an lochta le cnóisciún mar bhí scrupall uirthe na cearca bheith á stracadh ar fuaid na h-áite. Nuair a tháinig Muiris bhí sé ar buile agus ar bainí agus dubhairt sé le na mhnaoi go raibh deire leis an gcoirce anois, mar go dtí san d'á mhéid duine a thiocfadh ná raghadh aon liuga (=laigheadú) air, faid a bhí sé amuich, mar go raibh an "Ana" Naomhtha istig ann. Bhí buadh mór ag Muiris agus bhíodh sé ag déanamh leighis ach ní thaitnigheadh san leis na sagairt mar ná géilidís go raibh, agus bhídís na dhiaidh in aghaidh an lae. Lá amháin do bhuail an sagart le Muiris agus le na linn sin tháinig fiach-dubh os a gcionn sa spéir agus é ag sgreadaig agus ag glamghuíl."Seadh, a Mhuiris" arsa'n sagart ag feuchaint anáirde, "Cad tá ag an bhfiach dubh san á rádh?" Sé an freagra a thug Muiris air ná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí