Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 108
- XML “Mac Uí Luasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear ó nDaingean a bhí ag dul go Tráighlí le seana-chapall chun é dhíol is dócha, dá bhfuigheadh sé aon amadán a cheannóchadh uaidh é. Bhí an dólá bainte aige féin as agus é in ndeire na feide. Agus nár cailleadh air é ar an mbóthar. Bhain sé an croicean do ar thaobh an bhóthair agus d'imthigh sé air go Tráighlí agus an croicean aige. Nuair a chuaidh sé isteach is amhlaidh a bhí na huaisle tar éis teacht amach as tigh na cúirte tar éis bheith ar an Jury. Bhíodar na seasamh ag cainnt aig cúinne na sráide. Nuair a chonnaic fear a Daingin iad agus an croicean aige chrom sé ar lógóireacht ag déanamh ortha.
D'fhiafruig duine acu cad a bhain dho. Dubhairt seisean gurbh amhlaidh agus é ag teacht go Tráighlí gur léim a capaillín breágh cumasach le Droichead Ghleann Mhóir, gur marbhuigheadh ar a spota é agus dhá chomhraidhe sin féin b'shin é an croiceann, agus chrom sé airís go fada bog binn á chaoineadh.
Bhí ana thruagh ag na daoine uaisle do agus chromadar láithreach ar bhailiú airgid do agus gheobhadh sé oiread is a cheannóchadh capaill maith dhó ach go raibh fear dár b'ainm Luasaí ó'n nDaingean na measg."Ara" arsa eisean é "ná creidíg an ropaire. Tá aithne mhaith agam-sa ar an gcladhaire sin agus ní fheaca riamh aige ach seana staigín de rud ná raibh iompar na seithe ann."
D'iompuig an fear eile air agus a dubhairt
"A Micí Luasa go gcaillir do luadar
agus go deó deó nár ghaibhir aon fhuasgailt
Nár leig liom don' chuaird seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí